![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5a/Jet_pump.jpg/640px-Jet_pump.jpg&w=640&q=50)
Caidéal
From Wikipedia, the free encyclopedia
Meaisín chun sreabhán nó gás a aistriú ó ionad go hionad eile is ea an caidéal. In úsáid de ghnáth chun sreabhán, go minic uisce, a aistriú trí phíobáin chuig ionad níos airde. Na caidéil mheicniúla is luaithe a bhfuil taifead orthu, sa tSín sa 1ú céad RC, ba shlabhraí sráideog cearnach iad. Is féidir leis an gcaidéal is simplí, a bhaineann úsáid as brú an aeir, uisce a ardú timpeall 10 m. Soláthraíonn caidéil níos casta uisce príomhlíonra do thomhaltóirí, agus uisce fuaraithe d'inneall gluaisteáin. Úsáidtear brúchaidéil chun boinn rothair is liathróidí peile a shéideadh. Súnn caidéal folmhaithe an t-aer amach as soitheach chun páirtfholús a chruthú. Is saghas caidéil an croí freisin, chun an fhuil a aistriú tríd an gcóras imshruthaithe ar fud na colainne.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5a/Jet_pump.jpg/640px-Jet_pump.jpg)