Cuileog ghlas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Aifid bhogcholainne a itheann trí shúlach plandaí a shú. Colainn ramhar ghlas ag an mbaineannach, gan sciatháin; an fireannach níos dorcha. Tálann sí drúcht meala, agus uaireanta déanann seangáin freastal uirthi. Timthriall casta beatha aici, agus táirgtear suas le 10 nglúin gach bliain ar mhodh neamhghnéasach. Is lotnaid an-suntasach í nuair a bhíonn sí an-fhlúirseach.[1]