Cruidín crainn
fofhine éin / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iad na cruidíní crainn, ar a dtugtar cruidíní coille nó Halcyoninae chomh maith, an fhofhine is líonmhaire den trí fhofhine i bhfine na gcruidín a bhfuil thart ar 70 speiceas inti ar féidir iad a roinnt in 12 géineas, le cúpla speiceas cúcabarra san áireamh fosta. Is cosúil gur eascair an fhofhine seo ón Ind-Sín agus ón Áise Muirí Thoir Theas agus gur scaip siad amach as sin chuig go leor áiteanna ar fud an domhain. Tá na cruidíní crainn le fail go forleathan san Áise agus san Astraláise ach is féidir iad a aimsiú san Afraic agus in oileáin an Aigéin Chiúin agus an Aigéin Indiaigh, áit a mhaireann siad in iliomad gnáthóga amhail foraois bháistí theochriosach agus coillte oscailte.
Halcyoninae | |
---|---|
Cruidín coille | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Coraciiformes |
Fine | Alcedinidae |
Fofhine | Halcyoninae Vigors, 1825 |
Tá eireabaill ghearra agus cinn mhóra ag na cruidíní crainn agus is éin théagartha iad le goba fada bioracha. Tá dathanna geala acu cosúil le Coraciiformes eile. Éin mhonagamacha chosantacha iad na cruidíní crainn a neadaíonn i bpoill i gcrainnte nó i neadacha teirmítí. Bíonn na fireannaigh agus na baineannaigh mar aon ag gor na huibheacha agus ag tabhairt bia dá n-éin óga. Cé go ngnáthaíonn roinnt cruidíní crainn bogaigh, ní sain-iasciteoirí iad. Tumann formhór na speiceas ar a gcreacha ó fhara chun inveirteabraigh a ghluaisíonn go mall agus veirteabraigh bheaga a sheilg.