![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/96/Sacred_kingfisher_nov08.jpg/640px-Sacred_kingfisher_nov08.jpg&w=640&q=50)
Cruidín
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is fine éan iad na cruidíní, ar a dtugtar na hAlcedinidae san ord Coraciiformes. Éin bheaga nó mheánmhéide iad a bhfuil dathanna geala orthu. Tá dáileadh cosmapolaiteach acu, an chuid is mó de na speicis le fáil i réigiúin trópaiceacha na hAfraice, na hÁise, agus na hAigéine, cé go bhfaightear iad san Eoraip freisin. Bíonn siad le feiceáil i bhforaoisí doimhne in aice le linnte ciúine agus aibhneacha beaga. Tá 116 speiceas san fhine, i dtrí fhofhine agus 19 géineas. Cloigne móra, goba fada bioracha, cosa gearra, agus eireabaill giortacha. Bíonn clúmh feiceálach ar fhormhór na speiceas, gan ach difríochtaí beaga idir na hinscní.
Alcedinidae ![]() | |
---|---|
![]() Todiramphus sanctus ![]() | |
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Rang | Aves |
Ord | Coraciiformes |
Fine | Alcedinidae ![]() Rafinesque, 1815 |
De ghnáth, is é an “cruidín coitianta”, Alcedo atthis (ar a dtugtar an “murlach mara” freisin), atá i gceist nuair a úsáidtear an téarma “cruidín” i nGaeilge.