Criostalghrafaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Staidéar ar chriostail, a bhfoirmeacha seachtracha is a struchtúir inmheánacha, le micreascóip optúla is eile. Léiríonn criostail siméadrachtaí iontacha, rud a thairg teoiric adamhach do Nicolaus Steno (1638-1686). Tugann an staidéar ar dhíraonadh X-ghathanna ag criostail, a fheidhmíonn mar ghríleanna díraonta, an-chuid eolais ar eagrú is nascadh na n-adamh i gcriostail, agus timpeallachtaí eile chomh maith.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/68/Stohrem.jpg/320px-Stohrem.jpg)