![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Quartz_oisan.jpg/640px-Quartz_oisan.jpg&w=640&q=50)
Criostal
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fíorsholaid, comhdhéanta as grúpaí adamh, ian nó móilíní atá eagraithe ar an dóigh chéanna arís is arís eile i ngach treo. Ní hionann is leachtanna agus ábhair dhímhorfacha eile, braitheann airíonna criostal ar an treo tríd an gcriostal atá i gceist. Is féidir struchtúr iomlán criostalta a shainiú trí laitís pointí (agus ní féidir ach 14 cineál díobh seo a bheith ann) agus an grúpa adamh a bhaineann le gach pointe ar an laitís sin a shainiú.[1]