![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bb/Rust_and_dirt.jpg/640px-Rust_and_dirt.jpg&w=640&q=50)
Creimeadh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ocsaídiú millteach, de ghnáth ag aer agus uisce i láthair. An-sonrach maidir le miotail, iarann go príomha. Próiseas leictricheimiceach is ea é a tharlaíonn go han-tapa nuair a bhíonn dhá mhiotal dhifriúla i dtadhall le chéile agus le haer is uisce. Ocsaídítear an miotal imoibríoch, agus soláthraíonn an miotal eile dromchla mar a ndí-ocsaídítear ocsaigin, O2. Cuirtear bac ar chreimeadh trí dhromchla an mhiotail imoibríoch a aonrú ón aer is ón uisce. Tá miotail ar leith ann — sinc, alúmanam is cróimiam, mar shampla — a chruthaíonn cumhdach ocsaíde go nádúrtha a chomhlíonann an gnó seo.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bb/Rust_and_dirt.jpg/640px-Rust_and_dirt.jpg)