From Wikipedia, the free encyclopedia
Rinneadh ungadh agus corónú ar Rí Charles III Shasana agus Banríon Camilla ar 6 Bealtaine 2023. Ba é seo an daicheadú searmanas corónaithe i Mainistir Westminster.[1] Rinneadh Camilla, dara bean chéile an Rí Charles, a chorónú ina banríon chomh maith le linn na hócáide céanna.
| ||||
Cineál | coronation of the British monarch (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 6 Bealtaine 2023 | |||
Suíomh | Abtheach Westminster, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Suíomh gréasáin | coronation.gov.uk |
Leag Ardeaspag Canterbury agus ceannaire na hEaglaise Anglacánaigh coróin Naomh Éadbhard[3] (a rinneadh sa bhliain 1661) ar chloigeann an Rí Charles i Mainistir Westminster.[4] Cuireadh ola ungtha ar Shéarlas ar dtús. Ansin shuí sé ar an ríchathaoir.[5]
I ndiaidh scol trumpaí, lig an slua sa Mhainistir gáir mholta: "Dia leis an Rí Charles. Go maire an Rí Charles. Go maire an Rí go deo."
Bhí an searmanas taibhseachta a mhair dhá uair a chloig ar cheann de na hócáidí a ba shóúla agus ba mhaisiúla dá bhfacthas ó rinneadh Éilis a II a chorónú sa mhainistir chéanna 70 bliain ó shin i 1953. Cloiseadh an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh an tsoiscéil agus sheanmóir Ardeaspaig Canterbury ag an searmanas.[6]
I ndiaidh an tsearmanais, d'fhág Charles agus Camilla an Mhainistir i gcóiste órga a tógadh don Rí Seoirse a III.[7] Chuaigh siad as sin go Pálás Buckingham faoi thionlacan 4,000 ball den arm ó 39 tír.
Níos déanaí, scaoileadh cúirtéis gunna ag Túr Londan agus in áiteanna eile sa chathair agus ar fud na Breataine, chomh maith le Gibraltar, Bermuda agus ar longa ar muir.
Bhí breis is 2,000 aoi ar fad i láthair ag an searmanas. Tuairim is 100 milliún punt sterling a chosain an ócáid mhór an deireadh seachtaine seo.[8]
Bhí scáileáin mhóra curtha in airde ag roinnt údaráis áitiúla i dTuaisceart Éireann. Crochadh na scáileáin ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ag Gairdíní Chaisleán Aontroma agus ar chladach Loch Bhéal Feirste i mBaile an tSiúrdánaigh.
Bhí amhras ag méadú ag an am i measc an phobail agus go háirithe i measc an aos óig, maidir le ról na monarcachta, i bhfianaise na ndeacrachtaí móra i sochaí na Breataine. Dúirt Graham Smith, urlabhraí don eagraíocht “Republic”, gur cheart don Rí a dhílseacht a léiriú don phobal.[5]
Tharraing an corónú conspóid san Albain go hairithe. Bíonn an Lia Fáil le feiceáil i gCaisleán Dhún Éideann de ghnáth. Ach ar 28 Aibreán, tógadh amach an Lia Fáil agus tugadh é go Westminster.[9].Shuigh an rí nua ar an gcathaoir le linn an tsearmanais.[4]
D'fhreastail an tUachtarán Michael D Higgins, agus a bhean chéile Sabina agus an Taoiseach Leo Varadkar ar an gcorónú i Mainistir Westminster., an chéad uair ag ceannairí an Stáit i bheith i láthair ag corónú mhonarc de chuid na Breataine. D'fhreastail an bheirt cheannaire chomh maith ar fháiltiú i bPálás Buckingham a eagraíodh mar chuid de shraith ócáidí a bhain leis an chorónú
Bhí baill de Shinn Féin i láthair ag an chorónú chomh maith. Dúirt Michelle O'Neill ar na meáin shóisialta gur mar Chéad Aire Ainmnithe ar Thuaisceart Éireann a bhí sí ag freastal ar an imeacht.[10] Cé gur poblachtach í, dúirt sí gur ócáid thábhachtach í do roinnt daoine in Éirinn.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.