From Wikipedia, the free encyclopedia
Baineann an Comhlimistéar Taistil le cearta agus pribhléidí cómhalartacha atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe and Poblacht na hÉireann. Áirítear sochar slándála sóisialaí, seirbhísí sláinte agus vótáil i dtoghcháin sna cearta seo.[1]
Ar an 8 Bealtaine 2019, shínigh Rialtais na hÉireann agus an Breataine comhaontú nua, meabhrán tuisceana,[2] i Londain a thugann na cearta céanna do mhuintir an dá thír i dtíortha a chéile. Ach ní raibh an comhaontú seo an t-aon rogha a bhí ag Railtas na hÉireann. Diultaíodh an rogha dul isteach sa Limistéar Schengen. Faoi mar is eol do chách, ní féidir 'teorainn chruaidh' a chur i bhfeidhm ar oileán na hÉireann.[3]
Dá mbeadh Éire sa Limistéar Schengen, bheadh rialú inimirce agus rialú pasanna suite gan dabht idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann agus teorainn intuigthe ann ar Mhuir Éireann. Ghlac an Bhreatain leis sa bhliain 2020 go mbeadh seiceálacha ann ar earraí amháin idir an Bhreatain agus an Tuaisceart i ndiaidh an Bhreatimeachta. mar chuid den mhargadh a rinneadh i dtaobh cheist na teorann in Éirinn.[4]
De réir dlíthe nua imirice atá á moladh ag Rialtas na Breataine (sa bhliain 2021), beidh ar shaoránaigh an Aontais Eorpaigh - seachas saoránaigh na hÉireann - cead a fháil roimh ré ó údaráis na Breataine más mian leo dul trasna na teorann ón bPoblacht go dtí an Tuaisceart.[5]
Níl sé soiléir fós cén chaoi a gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm (tá trácht ar cháipéis dhigiteach a chur ar fáil gach uair a théann daoine trasna na teorann).
Dar le feisire parlaiminte an Dúin Thuaidh, Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, go bhfuil a leithéid dochurtha i bhfeidhm. Is féidir go dtarraingeodh daoine an dlí orthu féin i ngan fhios dóibh agus iad ag trasnú na teorann le dul i mbun a gcuid gnóthaí.[5]
Ó bunaíodh Saorstát Éireann, bhí saoirse taistil gan bhac idir an dá thír.[6] Bhí an comhlimistéar taistil i bhfeidhm sula ndeachaigh an Ríocht Aontaithe agus Éire isteach san Aontas Eorpach. Nuair a d’fhan an Bhreatain as Conradh Schengen, d’fhan Éire as freisin ar mhaithe leis an gcomhlimistéar sin a choinneáil.[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.