From Wikipedia, the free encyclopedia
Coláiste samhraidh Gaeilge neamhspleách is ea Coláiste Lurgan. Tá sé suite in Indreabhán, i gContae na Gaillimhe. Is é Mícheál Ó Foighil bainisteoir na scoile. Tá cáil ar an gColáiste as a chainéal YouTube "TG Lurgan" agus a chuid físeáin.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | scoil samhraidh |
Réimse oibre | an Ghaeilge |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | http://lurgan.biz/ |
Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí an banna Seo Linn nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún rapcheoil mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin, ‘Avicii V Lurgan’[2] (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[3]
Ceann de na hamhráin is luath, in 2012, ba ea "Glac an Saol go Réidh" de chuid U2.[4]
Ceiliúradh Lá Holi ar TG Lurgan, le craic agus spóirt le linn 2013.[5][6]
Rinne an Coláiste leagan de "Can't hold us in 2014, rapamhrán le Macklemore[7]
Bhí an t-amhrán ‘Hello’ de chuid Adele gaelaithe ag TG Lurgan in 2016 agus úsáid bainte acu as cór chun cur leis an atmaisféar.[8]
Bhí an-ráchairt in 2016 ar fhíseán eile[9] de chuid TG Lurgan, 'Africa',[10] amhrán le Toto a scaoileadh den chéad uair sa bhliain 1982 sna S-A.[11]
In 2020, tháinig leagan Gaelach de Old Town Road amach, de chuid Lil Nas X, an rapamhránaí Meiriceánach.[12]
Sa bhliain 2022, tháinig cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise le chéile chun leagan dátheangach de cheann d’amhráin Adele a chanadh. Daltaí ó Choláiste Lurgan agus baill de Urdd Gobaith Cymru, grúpa óige Breatnaise, a chan an t-amhrán Water Under the Bridge agus a rinne an físeán ceoil a thaifeadadh i gConamara.[13][14]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.