Coga
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cineál loinge is ea an coga. Nocht a leithéidí sa 10ú haois agus baineadh feidhm astu go forleathan in Iarthar Eorpa ó thimpeall an 12ú haois amach. Longa clinse ba ea iad agus dhéantaí d’adhmad darach de ghnáth iad ó bhí an t-adhmad sin le fáil go coitianta i réigiún Báltach na Prúise. Bhí crann amháin iontu agus é feistithe le coirneog. Mar longa trádála is mó a baineadh úsáid astu, go háirithe i ngeall ar an gConradh Hainseatach agus i réigiún na Baltaice. Bhí siad idir cúig mhéadar agus ocht méadar ar leithead agus idir cúig mhéadar déag agus cúig mhéadar is fiche ar fad. D’fhéad na cogaí ba toirtiúla suas le 200 tonna a iompar.[1]
Cineál de long chruinn ba ea an coga.[2] Bhí tóin phlainc aici i lár na loinge agus strácaí clinse láimh leis na poist. Bhí plancra clinse ar na taobhanna, ag tosú de ghnáth ó na strácaí ruma aníos, agus iad ceangailte le tairní déleacaithe. Bhí an chíle beagán níos tibhe ná na strácaí íochtair agus í gan rabóid. Bhí an post tosaigh agus an post deiridh díreach agus measartha fada agus iad ceangailte den chíle le huchtáin. Ceanglaíodh cinn na strácaí íochtair de na huchtáin agus de na poist le rabóidí, ach ceanglaíodh na strácaí uachtair den taobh amuigh de na poist. Caonach agus tarra tríd ba ea an chácáil de ghnáth agus í pulctha in eangaí cuara a bhí clúdaithe le lataí. Dhaingnófaí iad siúd le stáplaí a dtugtaí sintels orthu. Crochadh stiúir ag deireadh na loinge, rud nach raibh le fáil san Eoraip ach amháin sa tuaisceart.[3] Bhí chabhail oscailte ag an gcoga agus b’fhéidir í a iomramh ar feadh achar gearr, ach cuireadh deiceanna inti sa 13ú haois.