![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fa/Latimeria_Chalumnae_-_Coelacanth_-_NHMW.jpg/640px-Latimeria_Chalumnae_-_Coelacanth_-_NHMW.jpg&w=640&q=50)
Coelacanthiformes
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ord neamhchoitianta d'éisc is ea Coelacanthiformes ina mbíonn dhá speiceas atá ar marthain sa ghéineas Latimeria: Céalacant an Aigéin Indiaigh Iartharach a bhíonn ar fáil go príomha in aice leis na hOileáin Chomóra, amach ó chósta thoir na hAfraice (Latimeria chalumnae) agus an céalacant Indinéiseach (Latimeria menadoensis)..[1] Leanann siad an ginealach beo is sine ar eolas de chuid na Sarcopterygii (éisc liopa-eiteacha agus teitreapóid), rud a chiallaíonn go mbaineann siad níos dlúithe le héisc scamhógacha, reiptílí agus mamaigh ná le na héisc ga-eiteacha. Faightear iad ar feadh chósta an Aigéin Indiaigh agus Indinéisigh.[2] Ós rud é nach bhfuil ach dhá speiceas de chéalacant agus an dá speiceas faoi bhagairt, is é an t-ord is mó d'ainmhithe atá i mbaolar fud an domhain é. Is é speiceas é céalacant an Aigéin Indiaigh Iartharach, atá i mbaol go criticiúil.[3]
![]() Latimeria chalumnae ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Bilateria |
Fíleam | Chordata |
Ord | Coelacanthiformes ![]() L.S.Berg, 1937 |
Baineann na céalacaint leis an fho-aicme Actinistia, ar ghrúpa d'éisc liopa-eiteacha iad a bhaineann le héisc scamhógacha agus héisc áirithe Deavónacha mar osteolepiforms, porolepiformes, rhizodontida, agus Panderichthys.