Clíodna Cussen
dealbhóir agus scríbhneoir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba dhealbhóir, fhile agus scríbhneoir í Clíodna Cussen (1932 — 1 Lúnasa 2022). Tá sí áirithe ar dhuine de shárdhealbhóirí na hÉireann agus tá a cuid saothar le feiceáil in áiteanna poiblí ar fud na tíre, i mBaile Átha Cliath go háirithe.[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meán Fómhair 1932 An Caisleán Nua, Éire |
Bás | 2 Lúnasa 2022 89 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dealbhóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Céile | Pádraig Ó Snodaigh |
Is i mBaile Átha Cliath a chaith sí an chuid is mó dá saol, áit ar chruthaigh sí saothair ealaíne a bhain clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach i gcaitheamh na mblianta.[3]
Thar aon ní eile, is iad na dealbha cré-umha agus cloch a mhúnlaigh agus a shnoigh sí is mó a fhágann sí le huacht ó tá a lán acu crochta in áiteanna poiblí ar fud na tíre. Áirítear ina measc An Chloch Fhada i gceantar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Cé a Rinne an Domhan? i nDroichead na Dothra agus an dealbh de Naomh Pádraig i Mám Éan i gConamara.