From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is cliseadh duán ann ná meathlú i gcumas na nduán toilleadh uisce is leictrilítí na colainne a rialú agus torthaí iomarcacha meitibileacht próitéiní (úiré is créitínín) a eisfhearadh.
Cineál | galar duánach, impaired renal function disease (en) , chronic renal disease (en) , comhartha úireolaíoch agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | neifreolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais | |
Pataigineas | |
Buaileann sé | duán |
Aicmiú | |
ICD-10 | N19 |
ICD-9 | 586, 404.12 agus 404.13 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 26060 |
MeSH | D051437 |
UMLS CUI | C0035078, C1839604 agus C1565489 |
DOID | DOID:1074 |
Laghdaítear táirgeadh an fhuail, agus tarlaíonn éidéime is méadú i dtiúchan leictrilítí, cosúil le potaisiam, sa bhfuil, rud a fhéadfaidh a bheith marfach. Tarlaíonn cliseadh na nduán faoi chúinsí éagsúla: indoirteadh lag fola do na duáin (mar a tharlódh i dturraing), ionfhabhtuithe is drugaí áirithe (mar shampla, iad sin a chuirfeadh tús le glomarúlaineafraíteas), diaibéiteas, agus hipirtheannas.
Is féidir go n-éireoidh cliseadh duán géar, ach mar sin féin, go mbeidh sé iomlán inchasta. Nó is féidir go mbeidh sé ainsealach leanúnach, agus gá le haemascagdhealú ar bhonn rialta chun cothromaíochtaí an uisce is na leictrilítí sa cholainn a chaomhnú.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.