From Wikipedia, the free encyclopedia
Is bota comhrá é ChatGPT (Generative Pre-trained Transformer nó Claochladán Giniúnach Réamhthraenáilte, i nGaeilge), de chuid an comhlacht OpenAI, a bhaineann úsáid as intleacht shaorga (AI) chun téacsanna a scríobh nó eolas a fháil.[1]
| |||
Cineál | samhail teanga mhór agus ríomhróbat comhrá | ||
---|---|---|---|
Bunleagan | 30 Samhain 2022 | ||
Leagan bogearraí | |||
Ceadúnas | ceadúnas dílsithe | ||
Ar fáil sa | |||
Eapainm | online chat (en) agus GPT-1 (en) | ||
Saintréithe teicniúla | |||
Ardán | brabhsálaí Gréasáin agus Comhéadan feidhmchláir | ||
Scríofa i | Python | ||
Foireann | |||
Cruthaitheoir/í | OpenAI | ||
Forbróir(í) | OpenAI | ||
Foinsí cóid
| |||
Tuilleadh eolais | |||
Láithreán Gréasáin | chatgpt.com (ilteangacha) | ||
CA. Subreddit | ChatGPT | ||
| |||
Seoladh ChatGPT mar fhréamhshamhail an 30 Samhain 2022, agus tharraing sé aird go tapa as a chuid freagraí mionsonraithe agus sothuigthe thar go leor réimsí éagsúla.[2] I mí Eanáir 2023, cuireadh luach de $30 billiún ar OpenAI, agus $86 billiún i mí Dheireadh Fómhair 2023, an gnólacht nuathionscanta is mó fás riamh i stair an domhain.[3][4]
Is féidir ceisteanna a chur ar ChatGPT agus tabharfaidh sé freagraí cuibheasach maith (fiú ar cheisteanna gramadaí as Gaeilge). Is comhrá atá ann agus sin ceann de na gnéithe a bhaineann le ChatGPT, agus botaí eile dá leithéid. Baineann ChatGPT úsáid as téacsanna nó eolas atá ar fáil cheana féin chun téacsanna nó freagraí a chruthú.[5] Déanann ChatGPT an taighde ar líne agus míneoidh sé duit é agus tabharfaidh sé an freagra duit, amhail is go bhfuil cara ag míniú rud éigin duit. Ar dtús, bhí an-bhéim ar an gcumas atá ag ChatGPT aistí a scríobh.[6][7]
Léirigh taighde a rinne an craoltóir ón Ísiltír NOS sa bhliain 2023 go bhfuil nós forleathan tar éis teacht chun cinn i measc aos óg na tíre sin iarraidh ar ChatGPT a gcuid obair bhaile a dhéanamh; aistí faoi na leabhair atá ar churaclaim na dteangacha éagsúla is mó a iarrtar ar an mbota a chur ar fáil, de réir cosúlachta.[8]
Is é GPT-4 an tsamhail, nó inneall, atá taobh thiar de Microsoft Copilot, a bhíodh aithne air faoin ainm BingChat gor dtí Meán Fómhair 2023. Caithfear an brabhsálaí Microsoft Edge a úsáid le leas a bhaint as Microsoft Copilot agus seachas Edge a shuiteáil ar do ríomhaire, is féidir GPT-4 a úsáid trí Microsoft Copilot saor in aisce.[9][10]
Níl sé soiléir fós conas srian a chur le ChatGPT, más gá. Tá ceisteanna eiticiúla go leor le cur faoi ChatGPT agus a macasamhla.[1]
Ceann de na contúirtí is mó a bhainfidh lena leithéid seo de bhogearra ná gur féidir iad a úsáid chun teoiricí comhcheilge agus nuacht bhréige a chumadh agus a scaipeadh ar luas lasrach. Ceist eitice eile ná ceist chóipcheart na mbuntéacsanna a mbaineann ChatGPT úsáid astu d’fhonn téacsanna nua a chruthú. Agus ar chóir go mbeadh ar chumas comhlacht príobháideach, nó ar chumas dornán comhlachtaí príobháideacha, oiread tionchair a imirt ar an gcumarsáid dhaonna?[1]
Bhí cosc curtha ar ChatGPT san Iodáil i mí Aibreáin 2023 mar gur bhris sé an dlí a bhaineann le GDPR.[6] Chuir an Iodáil cosc scun scan ar úsáid ChatGPT sa tír sin toisc go mbeadh cearta cóipchirt á sárú ag an áis.[5]
Sa bhliain 2023, d’fhógair an iris iomráiteach fantaisíochta agus ficsean eolaíochta ó Mheiriceá Clarkesworld nach mbeadh siad ag glacadh le haon scéalta nua go ceann píosa, toisc go raibh an iomarca scéalta á gcur chuig an iris ar léir gur bota, seachas duine, a scríobh iad.[8]
Tá leagan 4 de ChatGPT ábalta (le fáil via BingChat, mar shampla, saor in aisce) ceisteanna i nGaeilge a thuigbheáil ach tá seans maith ann go n-iompóidh sé ar an Bhéarla tar éis tamaill. D’iarr Tuairisic.ie ar ChatGPT sa bhliain 2023 dán beag grinn a scríobh i nGaeilge.[11]
Is féidir leis plé le haistriúchán go pointe ach ní shin a phríomhchúraim. Tá an bhéim á leagan ar cheisteanna a thuiscint agus freagraí cruinne a thabhairt. Níl sé ag an bpointe sin go mbeadh sé ag dul in iomaíocht le Google Translate go fóill.[6]
Ar feadh na mblianta, chuir oibrithe an chomhlachta OpenAI téacsanna isteach sa bhota seo, ó iliomad foinsí, agus thraenáil siad an bota chun an t-eolas sin a ransú d’fhonn ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna nua as an bpíosa a chruthú – rud a dhéanann an bota in iliomad teangacha agus in iliomad stíleanna.[1]
Baineann ChatGPT - agus botaí eile dá leithéid - úsáid as 'foghlaim faoi mhaoirseacht' (supervised learning[12]) chomh maith le 'foghlaim treisithe' (reinforcement learning[13]).[14] Bhain an dá chur chuige úsáid as oiliúnóirí daonna chun feidhmíocht na samhla a fheabhsú. I gcás na foghlama faoi mhaoirseacht, cuireadh comhráite ar fáil don tsamhail inar imir na hoiliúnóirí an dá thaobh: an t-úsáideoir agus an cúntóir AI.
Sa chéim atreisiúcháin, ar dtús, rangaigh na hoiliúnóirí daonna na freagraí a chruthaigh an tsamhail i gcomhrá roimhe seo. Úsáideadh na ranguithe seo chun 'samhlacha luaíochta' a chruthú, ionas go bhféadfaí an tsamhail a mhionchoigeartú tuilleadh, ag baint úsáide as roinnt atriallacha d'Optamú Beartais Neasaigh (Béarla: Proximal Policy Optimization) [15][16]
Tugann algartaim OBN tairbhe éifeachtach ó thaobh costais de, d'algartaim um optamú beartais réigiúin iontaoibhe; cuireann siad go leor de na hoibríochtaí ríomhchuidithe costasacha ar ceal, le feidhmíocht níos tapúla.[17] Cuireadh oiliúint ar na samhlacha i gcomhar le Microsoft ar a mbonneagar sár-ríomhaireachta Azure.
Ina theannta sin, bíonn OpenAI ag bailiú sonraí ó úsáideoirí ChatGPT, a d'fhéadfaí a úsáid chun tuilleadh oiliúna a dhéanamh ar ChatGPT agus chun é a mhionchoigeartú. Tá cead ag úsáideoirí vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na freagraí a fhaigheann siad ó ChatGPT; nuair a dhéantar vótáil ar son nó in aghaidh, is féidir leo réimse téacs a chomhlánú freisin chun aiseolas breise a sheoladh isteach.[18][19][20]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.