From Wikipedia, the free encyclopedia
An 6ú hUachtarán ar Iosrael (1983-93) ab ea Chaim Herzog (17 Meán Fómhair 1918 – 17 Aibreán 1997). Saighdiúir, dlíodóir, fear gnó agus taidhleoir ab ea é chomh maith, a d'fhás suas in Éirinn.
Rugadh Herzog i 2 Norman Villas[1] i mBéal Feirste (anois 185 Clifton Park Avenue[2]). Bhí a athair, Isaac Herzog, go láidir i bhfabhar an phoblachtachais Éireannaigh (bhí Gaeilge líofa aige is cosúil). Mar sin thugtaí "Raibí Shinn Féin" air ar feadh tamaill áirithe. Rinneadh Ard-Raibí Aisceanásaíoch[3] na Palaistíne dá athair (agus Ard-Raibí Iosrael ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1959).
Ós rud é gur mhac le hArd-Raibí na hÉireann, tógadh Herzog i mBaile Átha Cliath é idir 1919 agus 1935, ar 33 Ascaill Ghort na mBláth, Portobello[4]. Bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina chara ag Chaim i laethanta a óige, ina chónaí in aice leis ar 15 bóthar Portobello.[5]
D'fhreastail Herzog ar Choláiste Alexandria (naíonra) ar dtús, agus ansin ar Choláiste Wesley (ar Fhaiche Stiabhna ag an am). Ghnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé ann. Chaith sé roinnt blianta ag dornalaíocht agus d'éirigh go maith leis,[6]
Scríobh Brendan Delap i 2020 go raibh onóir sa Ghaeilge faighte ag Herzog san Ardteist[7] (agus beagnach 17 mbliana d'aois i 1935, más fíor). Ar aon nós, bhí sé ar bharr an ranga.
Bhog sé go dtí an Phalaistín i mBealtaine 1935.
Thosaigh Herzog ag déanamh staidéir i gColáiste na hOllscoile, Londain sa bhliain 1938[8]. Fuair sé céim sa dlí i 1941 agus rinneadh abhcóide d'Ósta Lincoln de i 1942, agus é ina oifigeach oiliúna san Arm ag an am céanna.
Bhí Herzog in Arm na Breataine, ó 1942 go dtí 1947. Bhí Chaim Herzog (a d'fhás suas i mBaile Átha Cliath) ann nuair a chimigh na Sasanaigh Himmler agus scríobh sé cuntas suntasach faoi,[9] Faoi dheireadh, rinneadh Maor de.
Ní ba dhéanaí, bhí Herzog ina Ghobharnóir Míleata ar feadh tamaillín le haghaidh na gcríoch a bhfuair Iosrael seilbh orthu tar éis Chogadh na Sé Lá.
Nuair a chuaigh Herzog ar ais chun an tsaoil shibhialta sa bhliain 1962, thosaigh sé ag dlíodóireacht agus thug sé faoi roinnt stiúrthóireachtaí.
Sa bhliain 1972, bhí Herzog ar an triúr a chuir an dlíghnólacht, "Herzog, Fox & Neeman", ar bun (atá i measc na ngnólachtaí dlí is mó le rá in Iosrael fós).[11]
Bhí Herzog ina Ambasadóir chun na Náisiún Aontaithe ó 1975 go dtí 1978.
Dhá bhliain tar éis dó a bheith tofa chun na Knesset ar liosta na Comhghuaillíochta (Páirtí an Lucht Oibre de chuid Iosrael), rinneadh Uachtarán Stát Iosrael. Chuir sé dhá thréimhse cúig bliana isteach san oifig sin.
Sa bhliain 1985 thug Herzog cuairt stáit ar Éirinn, ag filleadh ar ais ar a alma mater agus ag oscailt Mhúsaem Giúdach na hÉireann i mBaile Átha Cliath chomh maith. Thug sé cuairt ar an tSnaidhm, Contae Chiarraí freisin, chun dealbh in ómós a chara Chearbhaill Uí Dhálaigh a nochtadh.[12] Ag an am, rinneadh roinnt léirsithe in aghaidh a cuairte, maidir le polasaí eachtrach Iosrael, i dtaobh na Liobáine Theas go mór mór. Bhí trúpaí na hÉireann imlonnaithe ann ag an am, mar chuid d'Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).
Niúmóine a chniog Herzog agus d'éag sé i Tel Aviv é ar 17 Aibreán 1997, in aois 78 bliain dó[13]. Tá sé curta i reilig Mount Herzl, Iarúsailéim.
Tá mac leis, Íosác nó Isaac Herzog, a bhí ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre de chuid Iosrael agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2013-2018.[14] D'éirigh sé ina Uachtarán ar Stát Iosrael sa bhliain 2021, ag leanúint a athar.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.