From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is ceimic orgánach ann ná staidéar ar chomhdhúile carbón-bhunaithe. Is féidir le hadaimh charbóin naisc chomhfhiúsacha láidre a fhoirmiú le hadaimh eile carbóin, rud a chruthaíonn slabhraí agus fáinní adamh carbóin ar a dtugtar an cnámharlach carbóin. Is féidir leis an charbón naiscshingile, naisc dhúbailte agus naisc thriaracha a fhoirmiú leis féin. Bíonn hidrigin nasctha le hadaimh charbóin fosta sa chnámharlach seo agus tugtar hidreacarbón ar an chomhdhúil a dhéantar, rud a chiallaíonn nach bhfuil ann ach carbón agus hidrigin. Adaimh eile ar nós ocsaigin, nitrigin agus sulfar, is féidir iad a cheangal le naisc chomhfhiúsacha leis an chnámharlach carbóin (ag glacadh áit na n-adamh hidrigine). Na comhdhúile a bhíonn ann dá thoradh seo, is gnách leo bheith níos imoibríche ná an hidreacarbón bunúsach. Tugtar feidhmghrúpaí ar ghrúpaí dá leithéid agus is iad na grúpaí seo a chinneann imoibrithe cheimiceacha an mhóilín. Lena rá ar dhóigh eile, tá an cheimic a bhaineann le comhdhúil orgánach á cinneadh ag a feidhmghrúpa agus is é an feidhmghrúpa an grúpa imoibríoch taobh istigh de chomhdhúil. Móilíní orgánacha a bhfuil an feidhmghrúpa céanna iontu, is baill iad den tsraith homalógach chéanna. I sraith homalógach, tá comhdhúile ann a bhfuil an fhoirmle ghinearálta chéanna acu; léiríonn airíonna comhchosúla ceimiceacha grádú maidir le hairíonna fisiceacha agus bíonn gach ball difriúil leis an cheann ina dhiaidh le haonad CH2. [1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.