![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/67/Old_celluloid_film_rolls_%25285201105455%2529.jpg/640px-Old_celluloid_film_rolls_%25285201105455%2529.jpg&w=640&q=50)
Ceallalóid
From Wikipedia, the free encyclopedia
An plaisteach cumarsáideach is luaithe a tháinig ar an margadh (c 1865-1869). Níotráit cheallalóis, plaistithe le camfar, ab ea é. An-chobhsaí ó thaobh toisí de, agus úsáideadh ar feadh i bhfad é le haghaidh scannán fótagrafach, in ainneoin a inlastachta baolaí, fiú nuair a bhí plaistigh nua in oiriúint don ghnó sin. Faoi dheireadh ceapadh aicéatáit cheallalóis a bhfuil a toisí an-chobhsaí is nach bhfuil inlasta, agus cuireadh í seo in ionad na ceallalóide i scannáin fhótagrafacha.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c9/9-5_cine_film.jpg/320px-9-5_cine_film.jpg)