![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/90/Copper_cathode_2.svg/langga-640px-Copper_cathode_2.svg.png&w=640&q=50)
Catóid
From Wikipedia, the free encyclopedia
I leictrealú is feadáin díluchtúcháin, is éard is catóid[1] ann ná an leictreoid dhiúltach a dtéann na leictreoin uaithi isteach sa bhfeadán nó an chill leictricheimiceach. I mbataire, an teirminéal dearfach a dtéann na leictreoin isteach sa bhataire tríthi. I gciorcad atá ceangailte le bataire, ritheann an sruth ó chatóid dhearfach an bhataire tríd an gciorcad go dtí anóid dhiúltach an bhataire. Is ian dearfach an caitian a ghluaiseann i dtreo na catóide diúltaí i leictrealú. Baintear miotail (a dhéanann caitiain) ón anóid, agus deasctar iad ar an gcatóid i leictrealú.[2]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/90/Copper_cathode_2.svg/320px-Copper_cathode_2.svg.png)