Cathracha Speisialta na Seapáine
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is Cathracha Speisialta (特例市 Tokureishi) iad na cathracha sa Seapáin atá ainmnithe mar Cathracha Speisialta in ionstraim reachtúil de chuid an rialtais faoi Airteagal 252, Alt 26 den Dlí Féinriail Áitiúil 1947. Séard atá ann ná fo-roinn riaracháin áitiúil atá cruthaithe ag rialtas na tíre. Is gá go mbeidh níos mó ná 200,000 daoine ina gcónaí sa chathair chun stádas mar Cathair Speisialta a bheith bronnta.