From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Cath Verdun (Fraincis: Bataille de Verdun) ar cheann de na cathanna is tábhachtaí i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar an Fronta Thiar.
An Fronta Thiar sa Chéad Chogadh Domhanda agus an Chéad Chogadh Domhanda | |
---|---|
Cineál | cath |
Ainmnithe in ómós | Verdun |
Dáta | 21 Feabhra – 18 Nollaig 1916 |
Comhordanáidí | 49° 12′ 29″ N, 5° 25′ 19″ E |
Áit | Verdun |
Tír | an Fhrainc |
Rannpháirtithe | Impireacht na Gearmáine, Troisième République, Erich von Falkenhayn, Wilhelm, Rídhamhna na Gearmáine, Robert Nivelle, Philippe Pétain, Josep Joffre agus Édouard de Castelnau |
Maraíodh thart ar 300,000 saighdiúirí ar an dá thaobh, sa chath is faide den Chogadh[1]. Tá sé ar na cathanna is marfaí den Chogadh.
Ar an 21 Feabhra 1916, faoi cheannas an Ghinearáil Erich von Falkenhayn, d'ionsaigh Arm na Gearmáine ceantar daingean tábhachtach ar bhruacha an Meuse in oirthuaisceart na Fraince. Fearadh an cath ar thalamh dronnlaigh ó thuaidh de bhaile Verdun-sur-Meuse in oirthuaisceart na Fraince.
Ghlac an Ginearál Henri Pétain ceannas ar fhórsaí cosanta Francacha. D'éirígh leo ionsaí na nGearmánach a ruaigeadh.
Bhuaigh arm na Fraince ar arm na Gearmáine tar éis don chath leanúint ar aghaidh ó 21 Feabhra go 18 Nollaig 1916.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.