![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/91/Schrodingers_cat.svg/langga-640px-Schrodingers_cat.svg.png&w=640&q=50)
Cat Schrödinger
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le cat Schrödinger ná smaointurgnamh (nó paradacsa mar a thugtar uaireanta air) a bhí curtha chun cinn ag an bhfisiceoir Ostarach Erwin Schrödinger sa bhliain 1935, cé gur le hAlbert Einstein an chéad leagan de[1]. Léiriú a bhí ann, dar le Schrödinger, ar an locht a chuir an léirmhíniú Chóbanhávan (dearbhaithe ag Niels Bohr agus Werner Heisenberg) ar thionchar na meicnice candamaí ar ghnáthghníomhartha an lae as riocht.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/91/Schrodingers_cat.svg/640px-Schrodingers_cat.svg.png)
An cás a chuirtear i láthair ná cat hipitéiseach ar féidir leis a bheith beo agus marbh araon san am céanna, i staid ar a dtugtar forshuíomh candamach, de bharr nasc le heachtra fánach fo-adamhach a tharlódh nó nach dtarlódh.