Carnabhal
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceiliúradh poiblí roimh an Charghas is ea Carnabhal. Ceiliúrtar tréimhse Carnabhail sna tíortha ina bhfuil an Chríostaíocht Iartharach, go mór mhór an Caitliceachas, agus an Chríostaíocht Cheartchreidmheach Gréagach i réim.
Tagann Carnabhal gach bliain i mí Feabhra nó i dtús mí Márta sa tréimhse ar dtugtar an Inid uaireanta. Sa Bhraisil, ní thosaíonn an carghas, go dtí meán lae Dé Céadaoin an Luaithrigh.
Paráidí a bhíonn i gceist an chuid is mó den am, agus mascanna agus feistis feiceálacha eile á chaitheamh ag na daoine atá páirteach iontu.
Deasghnáth aisiompaithe é Carnabhal dar leis na haintraipeolaithe.
Is í carnabhal Rio de Janeiro an fhéile sráide is mó ar domhan b'fhéidir.[1] Ach is í carnabhal Salvador an fhéile sráide is mó ar domhan, de réir chomhairle cathrach Salvador.[2]