From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is carachtair Shínise shimplithe (An tSínis: 简化字; jiǎnhuàzì) ann ná carachtair Shínise chaighdeánaithe, fhorordaithe sa Tábla Ginearálta de Charachtair Shínise Chaighdeánacha (Pinyin: Tōngyòng Guīfàn Hànzì Biǎo)), le húsáid ar mhórthír na tSíne. Chomh maith leis na carachtair Shínise thraidisiúnta, ceann den dá sraith de charachtar caighdeánach is ea iad de leagan comhaimseartha na Sínise scríofa. Chuir rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne ar mhórthíra na tSíne iad chun cinn le haghaidh úsáide i bpriontáil ó na 1950í agus sna 1960í chun na litearthachta a spreagadh .[1] Úsáidtear iad go hoifigiúil i nDaon-Phoblacht na Síne agus Singeapór.
Cineál | córas scríbhneoireachta logagrafach, script nádúrtha agus aibítir aoncháis |
---|---|
Teangacha | an tSínis agus an tSínis shimplithe |
Cruthú | 1950í |
Bunús | An tSín |
Bunaithe ar | traditional Chinese characters (en) |
ISO 15924 | Hans (501) |
Treo téacs | clé go deas |
Úsáidtear carachtair Shínise thraidisiúnta faoi láthair i Hong Cong, Macao, agus i bPoblacht na Síne (Taiwan). Cé gur féidir carachtair thraidisiúnta a bheith léite agus a bheith intuigthe go fóill ag go leor daoine ar mhórthír na Síne agus ag pobal na Síne i Mhalaeisia agus Singeapór, go ginearálta, baineann na grúpaí seo úsáid as na carachtair shimplithe. Go hiondúil, baineann na Sínigh ar an gcoigríoch úsáid as carachtair thraidisiúnta.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.