From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le caomhnú an chomhshaoil (nó cosaint na timpeallachta) ná cosaint is leasú acmhainní an domhain (plandaí, ainmhithe, aer, uisce, talamh, mianraí is fuinneamh) don am le teacht. (Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta nó fiú cosaint dhaonnúil agus chaomhnú oidhreachta[1]).
Leis an gcomhshaol is mó a luaitear an téarma. Mar shampla, sa Straitéis Caomhnaithe Dhomhanda (1980) fógraíodh go raibh gá le caomhnú na n-acmhainní beo is na héagsúlachta géinití ar mhaithe le próisis riachtanacha eacnamaíochta agus inbhuanaitheacht speiceas is éiceachóras.
Is gá go leanfaidh stoc inmharthana speicis ainmhithe is plandaí, aer glan is uisce íon inólta, agus ithir thorthúil.
Is gá go gcaomhnófar áilleacht an nádúir is an chomhshaoil i gcoitinne freisin, mar bhunús spioradálta an duine anois agus sna glúine le teacht.
Ar an 6 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Chosc Dhúshaothrú an Chomhshaoil sa Chogaíocht agus sa Choinbhleacht.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.