pearsa theilifíse Mheiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteoir, damhsóir, mainicín, agus réalta teilifíse Meiriceánach í Camille Meyer (née Donatacci, agus Camille Grammer le linn di a bheith pósta le Kelsey Grammer). Rugadh ar an 12 Meán Fómhair 1968 in Newport Beach, California í. Is fearr aithne uirthi as a páirt sa tsraith theilifíse réaltachta The Real Housewives of Beverly Hills.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Meán Fómhair 1968 55 bliana d'aois Newport Beach, California |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stáit Montclair Ollscoil California, Los Angeles Ollscoil Nua-Eabhrac Paul VI High School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Dath súile | Donn |
Dathán gruaige | Gruaig fhionn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ban-aisteoir, mainicín, aisteoir teilifíse, péiceallán, damhsóir, aisteoir scannáin |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Kelsey Grammer (1997–2011) |
Páiste | Jude Grammer, Mason Grammer |
Suíomh gréasáin | bravotv.com… |
Thosaigh Meyer a gairm mar dhamhsóir, mainicín agus aisteoir, agus bhí sí ina scríbhneoir agus léiritheoir do Grammnet Productions chomh maith. Ó 1997 go 2011, bhí sí posta le Kelsey Grammer, aisteoir Meiriceánach.
Rugadh Meyer in Newport Beach, California agus d'fhás sí aníos in Cedar Grove, New Jersey.[1] Thug sí faoi litríocht an Bhéarla in Montclair State College in New Jersey,[2] ag freastal di ar Ollscoil Nua Eabhrac[3] agus ar Scoil Drámaíochta, Scannánaíochta agus Teilifíse UCLA.[4]
In 2010, bhí sí ar dhuine de na chéad daoine a raibh príomhpháirt acu sa tsraith The Real Housewives of Beverly Hills.[5] Cé nach bhfuil sí sa tsraith mar phríomhphearsa níos mó, bíonn sí le feiceáil mar phearsa pháirtaimseartha agus mar aoi i roinnt séasúr. Ba é an clár a craoladh ar an 13 Eanáir 2011, nuair a nocht sí nach raibh suim ag a fear céile go mbeidís pósta a thuilleadh, an buaic-chraoladh teilifíse i measc daoine 18-49 mbliana d'aois i gcomparáid le gach cainéal eile teilifíse cábla sa sliotán ama céanna. Ba é sin an clár ba airde rátáil i measc an luchta féachana an séasúr sin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.