![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/The_Soviet_Union_1969_CPA_3814_stamp_%2528Cover_of_Rules_of_the_Kolkhoz_and_Worker_and_Kolkhoz_Woman%2529.png/640px-The_Soviet_Union_1969_CPA_3814_stamp_%2528Cover_of_Rules_of_the_Kolkhoz_and_Worker_and_Kolkhoz_Woman%2529.png&w=640&q=50)
Calchas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an téarma calchas[1] bunaithe ar an ngiorrúchán Rúisise колхоз (kolkhoz) a thagann as na focail коллекти́вное хозя́йство (kollektivnoye khozyaystvo), a chiallaíonn "eacnamaíocht chomhchoiteann". Mar sin, is feirm chomhsheilbhe é an calchas.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/76/Orlov_kolkhoz.jpg/640px-Orlov_kolkhoz.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/The_Soviet_Union_1969_CPA_3814_stamp_%28Cover_of_Rules_of_the_Kolkhoz_and_Worker_and_Kolkhoz_Woman%29.png/640px-The_Soviet_Union_1969_CPA_3814_stamp_%28Cover_of_Rules_of_the_Kolkhoz_and_Worker_and_Kolkhoz_Woman%29.png)
Sa bhreis ar na calchais, bhí a leithéidí agus savchais ann, is é sin, "feirmeacha Sóivéadacha" nó feirmeacha de chuid an Stáit. Na hoibrithe a bhí ag obair ar na calchais, ní bhfaighidís de phá ach a gcuid féin de bharra na feirme. An chuid ba mhó de na barra, áfach, chaithfí iad a dhíol leis an stát ar phraghas réamhshocraithe.
Go bunúsach, ní raibh mórán difríochta idir eacnamaíocht na gcalchas agus an seirfeachas feodach, agus bhí córas na bpasanna inmheánacha i bhfeidhm a choisc ar na calchasóirí aistriú ón tuath go dtí an chathair. Mar sin, fágadh na calchasóirí "ceangailte den talamh" cosúil leis na seirfigh i ré an fheodachais.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0c/Russia-2000-stamp-Tatlin_Tower_and_Worker_and_Kolkhoz_Woman_by_Vera_Mukhina.jpg/640px-Russia-2000-stamp-Tatlin_Tower_and_Worker_and_Kolkhoz_Woman_by_Vera_Mukhina.jpg)
Bhí de chead ag na calchasóirí seilbh bheag talún a bheith acu chomh maith le cúpla beithíoch. Bhí fuath na ndaol ag muintir na tuaithe ar na calchais, ach ar a laghad, cheadaigh an tseilbh phríobháideach dóibh tuilleadh barr a shaothrú a d'fhéadfaidís a dhíol ar phraghas an mhargaidh, agus ba mhinic a thagadh an chuid ba mhó dá dteacht isteach as an tseilbh seo.