Caipín buailte
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is caipín buailte[1] ann ná soitheach beag le lucht pléascach, forbairt i dteicneolaíocht na n-arm sa 19ú céad. Le titim casúir, adhantar an caipín agus madhmann sé sin an príomhlucht tiomántáin sa chartús. Ba chéim bhunúsach í i bhforbairt na mionarm nua-aoiseach le cartúis agus caipín buailte i lár an bhoinn.[2]