![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bd/Earth-lighting-equinox_af.png/640px-Earth-lighting-equinox_af.png&w=640&q=50)
Cónocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ciallaíonn cónocht go bhfuil an méid céanna dorchadais agus solais an lae ann, nó go sonrach, aon cheann den dá phointe ar an sféar neamhaí mar a dtrasnaíonn an t-éiclipteach an meánchiorcal neamhaí.[1] Ar an lá seo, tá dhá uair an chloig déag de sholas an lae ann agus dhá uair an chloig déag den dorchadas.[2] [3]
Cineál | Ócáid bhliantúil, imeacht neamhaí agus point in time with respect to recurrent timeframe (en) ![]() ![]() |
---|---|
Eatramh imeacht | 0.5 bliain ![]() |
Codanna | |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a0/Equinoxes-solstice_EN.svg/320px-Equinoxes-solstice_EN.svg.png)
Go fisiciúil, is iad seo na pointí ag a dtrasnaíonn an ghrian an meánchiorcal neamhaí ina gluaisne bhliantúil:
- idir 19 Márta agus 21 Márta sa leathsféar thuaidh, Cónocht an Earraigh, nó Lá Leathach an Earraigh, nuair a 'thrasnaíonn' an ghrian an meánchiorcal, 'ag dul' ó thuaidh (tá síneadh 4n+ de sholas an lae gach lá in Éirinn timpeall an ama seo)[1]
agus
- idir 21 Meán Fómhair agus 24 Meán Fómhair, Cónocht an Fhómhair, nó "Lá Leathach an Fhómhair"[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8b/North_season.jpg/640px-North_season.jpg)
Ar na laethanta sin, is díreach os cionn an mheánchiorcail a bhíonn an ghrian. Titeann an oiread céanna solais agus teasradaíochta ón ngrian ar an leathchruinne thuaidh is a thiteann ar an leathchruinne theas. Bíonn an lá agus an oíche chomh fada lena chéile - go díreach - ag an am seo.[4]
Tógtar cónocht an earraigh mar phointe nialais i gcórais comhordanáidí neamhaí.