Béal Feirste Thoir (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
toghcheantar parlaiminte sa Ríocht Aontaithe, 1922 ar aghaidh From Wikipedia, the free encyclopedia
toghcheantar parlaiminte sa Ríocht Aontaithe, 1922 ar aghaidh From Wikipedia, the free encyclopedia
Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Béal Feirste Thoir. Cruthaíodh sa bhliain 1922 é.
Béal Feirste Thoir | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 95,193 (2017) | |||
• Dlús | 1,721.55 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 55.295 km² | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 15 Samhain 1922 |
Sna 2010idí agus 2020idí, bhí iomaíocht láidir ann idir Gavin Robinson DUP agus Naomi Long (ceannaire Pháirtí na Comhguaillíochta).
Bhí Long ina feisire ó 2010 go 2015 tar éis an suíochán a bhaint de cheannaire an DUP ag an am, Peter Robinson. B’in 2010 uair dheiridh ar sheas an TUV ansin do Westminster: ghnóthaigh Naomi Long an suíochán d’Alliance le farasbarr 1,533 vóta; bhí 1,856 vóta ag TUV.
Fuair Gavin Robinson an ceann is fearr uirthi in 2015, 2017, 2019 agus arís in 2024. 1,800 d’fharasbarr a bhí ag Gavin Robinson ar Naomi Long in 2019.[1][2]
In 2024, mar bharr ar an gcroitheadh atá bainte ag scannal Donaldson as an bpáirtí agus an pobal, bhí an DUP faoi ionsaí ag an TUV a chuir feall agus mí-ionracas ina leith i dtaca leis an socrú iarBhreatimeachta. Chuir an DUP deireadh lena mbaghcat ar Stormont in 2024, ag rá go raibh an teorainn i Muir Éireann cealaithe; ní raibh. Nuair a tháinig Gavin Robinson i gceannas dúirt sé nach raibh an aidhm sin bainte amach fós ach go raibh dul chun cinn déanta. Sheas Ryan Warren don UUP agus John Ross don TUV. Bhí tacaíocht ag Lon ó Shinn Féin ; sheas Sinn Féin i leataobh ar mhaithe léi ach sheas an Comhairleoir Séamas de Faoite, SDLP agus Brian Smyth, Comhaontas Glas. Sa dheireadh, atoghadh Robinson mar MP.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.