Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Béal Feirste Thiar. Cruthaíodh sa bhliain 1922 é.
Béal Feirste Thiar | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 103,200 (2021) | |||
• Dlús | 2,286.02 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 45.144 km² | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 15 Samhain 1922 |
Stair
Seo an suíochán is "sábháilte" ar fad de chuid Shinn Féin. Tá an ceantar suite timpeall Baile Andersean ar Bhóthar Sheoige agus Bóthar na bhFáll (tá an Ghaeilge ina teanga pobail i mBéal Feirste Thiar de thoradh Gaeltacht Sheoige atá suite ann). Rugadh an polaiteoir Gerry Adams Shinn Féin sa cheantar, agus cónaíonn sé ann fós.[1]
Toghadh Paul Maskey (SF) ina fheisire i gcomharbacht ar Gerry Adams in 2011 le 70% den vóta. Ba é 54% an sciar is lú den vóta a fuair sé in aon olltoghchán ó shin, níos mó ná trí oiread na vótaí a fuair an t-iarrthóir ba ghaire dó. Toghadh Maskey gan fadhb arís san Olltoghchán 2024.
Ba é Gerry Carroll ó Phobal roimh Bhrabús ba ghaire do Maskey in 2019. In 2024 bhí Carroll tá ag feachtasaíocht go dian, go háirithe ar cheist Gaza agus débhríocht Shinn Féin faoin ár ansin, a gcinneadh freastal ar imeachtaí sa Teach Bán in Washington Lá Fhéile Pádraig d’ainneoin iompar Mheiriceá san áireamh.[2]
Tháinig athrú ar chomhdhéanamh an toghcheantair in 2024, ó aistríodh bardaí na Seanchille, timpeall 2,000 vótaí aontachtacha ó Béal Feirste Thuaidh go Béal Feirste Thiar.[3] In 2024, bhí feachtas an-ghníomhach ag Frank McCoubrey DUP a raibh súil aige ar shuíochán Tionóil an chéad uair eile de bharr na vótaí aontachtacha atá aistrithe isteach sa toghcheantar ón tSeanchill.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.