From Wikipedia, the free encyclopedia
Is speiceas de phlanda leigheasach é Butea monosperma (ar a dtugtar Butea frondosa freisin) a bhaineann leis an fhine Fabaceae agus atá dúchasach don Áise Theas trópaiceach, an Phacastáin, an India, an Bhanglaidéis, Neipeal, Srí Lanca, Maenmar, an Téalainn, Laos, an Chambóid, Vítneam, an Mhalaeisia, agus iarthar na hIndinéise.
Is crann duillsilteach meánmhéide é, a shroicheann 15 m ar airde. Tá na duilleoga duillíneach, le peitín 8-16 cm agus trí dhuillín, gach ceann acu 10-20 cm ar fad. Tá na bláthanna 2.5 cm ar fad, flannbhuí-dearg, agus tháirgtear iad i ncrobhaingí suas le 15 cm ar fad. Faighneog is ea an toradh 15-20 cm ar fad agus 4-5 cm ar leithead.[1]
Úsáidtear é le haghaidh adhmaid, roisín, fodar, cógas agus ruaimeanna. Táirgeann an crann gumroisín, ar a dtugtar kamarkas i Hiondúis, a úsáidtear i miasa áirithe. Tugtar Bengala Kino ar an ngumroisín, agus measann cógaiseoirí go bhfuil sé luachmhar, mar gheall ar a airíonna crapthacha, agus as a úsáid i súdaireacht leathair, mar gheall ar a thainnin.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.