From Wikipedia, the free encyclopedia
Céileantráit mhuirí, aonarach de ghnáth, le colainn shorcóireach, greamaithe ag a bun le foshraith éigin, ciorcal d'adharcáin ar an mbarr timpeall an bhéil. Maireann cineálacha áirithe i gcoilíneachtaí. Timpeall 800 speiceas ann, ón gcrios idirthaoideach go dtí na doimhneachtaí duibheagánta.[1]
Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an mbundún leice mar a leanas ina leabhar Cladaí Chonamara:
“ |
Ni mór nach cosúil le ceaig beag é an bundún leice, a bheadh ina shuí ar an gcarraig, an t-éadan uachtair bainte amach agus mar a bheadh ancard beag thíos ann... Bíonn cuid acu cúpla troigh ar airde, agus tuilleadh nach bhfuil chomh mór le hubh dhreoilín, cuid acu a mbíonn deilgne láidre bríomhara orthu agus cuid nach bhfuil orthu ach cluimhreach lag... Tá scoilteadh trasna a n-uachtar agus mar a bheadh méaracha beaga, caola ag éirí amach agus ag sú isteach ó am go ham. Is leo sin a mharaíos sé an dream beag díchéillí nach bhfanann uaidh amach... Bíonn an-tóir ag faoileáin ar an gcuid bheag acu; crochann siad suas sa spéir leo an ceann a bhaineas siad den chloch, agus scaoileann siad anuas ar mhullach crua carraige é le hé a bhriseadh.. Níl aon mhaith in aon chineál acu le haghaidh baoite iascaigh, ná mar bheatha duine.[2] |
” |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.