From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar 14 Eanáir 2022, tharla brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga.[1] Ghin an brúchtadh súnámaí a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar.[1]
| ||||
Cineál | Surtseyan eruption (en) Plinian eruption (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 15 Eanáir 2022 (04:14:45) | |||
Suíomh | Hunga, Tonga , Haʻapai district, Tonga (en) | |||
Tír | Tonga | |||
Ba chúis leis | eruption column (en) crith talún Tonn turrainge súnámaí ash rain (en) 2022 Callao oil spill (en) | |||
Méadaíocht crith talún (Scála Richter) | 5.8 | |||
Líon básanna | 5 (17 Eanáir 2022) | |||
Líon gortaithe | 4 (16 Eanáir 2022) | |||
Haischlib | #TogetherForTonga |
Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami, bhí na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Bhí an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt cúpla lá níos déanaí. Mar sin féin, bhí díospóireacht ar siúl in Tonga ag an am idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choimeád amuigh.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.