From Wikipedia, the free encyclopedia
Is uiliteoirí gearrchosacha iad na broic san fhine Mustelidae (in éineacht leis na dobharchúnna, glutain, cait chrainn, minceanna, cait choille, easóga, agus firéid). Is grúpa polaifíléiteach seachas grúpa tacsanomaíoch nádúrtha iad na broic, bunaithe ar a gcorp dingthe agus buntáistí éabhlóideacha i gcomhair tochailt.
Mustelidae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Forfhine | Musteloidea |
Fine | Mustelidae G.Fisch.Waldh., 1817 |
Ainmníocht | |
Bunlitriú | Mustelini |
Ainmnithe in ómós | Mustela |
Creidtear go dtagann an focal “broc” ón Phróta-Cheiltis *brokkos a chiallaíonn “liath” (cf. Breatnais broch, Sean-Bhéarla brocc, agus an t-ainm neamhchoitianta Béarla brock).[1]
Nuair a úsáidtear an téarma “broc” i nGaeilge, is tagairt don bhroc Eorpach é de ghnáth, an speiceas amháin atá dúchasach in Éirinn.[2]
Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach. Bhí meas ag Gaeil ar an mbroc chuile lá riamh. Bhaineadh na Ceiltigh leas as craicne na mbroc. Bhítí ag ithe a chuid feola i bhfad siar sa stair. Déantar tagairt i nDlí na mBreithiúna don bhroc, don fhia agus don mhuc fhiáin mar ainmhithe seilge.
Níos déanaí, chreid cuid de na daoine gur ó na muca a thug na Lochlannaigh go hÉirinn a shíolraigh na broic. Ar ndóigh bhí an broc ar oileán na hÉireann i bhfad roimhe sin.
Níos gaire ná sin sa stair bhíodh daoine bochta ag ithe feoil bhroic. D’itheadh na daoine bochta an broc muice. Bhíodh an-tóir ar a chuid feola in éineacht le cabáiste.
Tá neart scéalta san fhinscéalaíocht agus sa mbéaloideas faoi na broic. Mar shampla
Bhí broic go fairsing san áit a raibh Naomh Ciarán lonnaithe. Lá amháin ghoid sionnach ceann dá chuid cuarán. Chuaigh broc de rite reaite i ndiaidh an tsionnaigh, rug sé i ngreim cluaise air agus chuir sé iachall air an cuarán a thabhairt ar ais chuig Ciarán.
Ceapadh gur feoil a bhí intí a bhí thar cionn agus go dtéadh sé go mór chun sochair do bhean a bheadh tar éis páiste a thabhairt ar an saol agus a dteastaíodh cothú faoi leith uaithi lena neartú.[2] Neartódh sí go breá í a deirtí.
Lenár linn féin cuireadh milleán ar an mbroc faoi bheith ag scaipeadh eitinn bhólachta. Maraíodh go leor de na broic ar an gcúis sin. Tá eolaithe a cheapadh anois gurbh fhearr agus gur dhaonna i bhfad vacsaíniú a dhéanamh ar an mbroc mar a dhéantar ar an sionnach ar Mhór-roinn na hEorpa le confadh a chosc.[3]
Mamach oíchí feoiliteach atá ann a chónaíonn i bpoll sa talamh, an brocach .
Ceapadh i gcónaí gur ainmhí meabhrach a bhí ann. Tá an broc an-fhaiteach. Is annamh a feictear an broc. "Is brocach an t-ainm atá ar an áit a gcónaíonn sé. Bíonn féir agus cleití i mbéal an mbrocaidh."[5]
Tá na cúig speiceas déag aicmithe laistigh de cheithre fhofhine:
D'aicmítí an dá speiceas de bhroic bhréantais (géineas Mydaus) laistigh de Melinae, ach léiríonn an fhianaise ghéiniteach is déanaí gur baill den fhine Mephitidae (na scúinc) iad.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.