polaiteoir Éireannach de chuid Fianna Fáil From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Éireannach ba ea Brian Ó Luineacháin (Béarla: Brian Lenihan) (17 Samhain, 1930 - 1 Samhain, 1995), a bhí ina bhall den pháirtí Fianna Fáil. Bhí gairm pholaitiúil fhada aige, ó 1964 go dtí a bhás i 1995. Bhí Ó Luineacháin ina sheanadóir faoi dhó, ina Thánaiste idir 1987 agus 1990, agus ina iarrthóir don thoghchán Uachtaráin na hÉireann i 1990. Fear éirimiúil, gealgháireach a raibh aithne mhaith ag an bpobal air ab ea é.
B'as teaghlach cáiliúil polaitiúil é Ó Luineacháin. Teachtaí Dála ab ea a athair Patrick Lenihan agus a dheirfiúr Máire Uí Ruairc. Tá beirt mhac aige a bhí sa rialtas go dtí gur briseadh ar Fianna Fáil agus na Glasaigh san olltoghcháin sa bhliain 2010, Brian Óg Ó Luineacháin agus Conor Ó Luineacháin.
Ba é Brian Ó Luineacháin, an Tánaiste ag an am, an t-iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta. Bhíothas cinnte ag tús an fheachtais gur aige a bheadh an bua. Bhí Ó Luineacháin i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna.
Ach ar 26 Deireadh Fómhair 1990, bhris an scannal "on mature recollection" amach.[1][2] Ach thug na bréaga ó Brian Lenihan seans do Mháire Mhic Róibín (duine ón taobh amuigh ag an am). Sa deireadh, ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhean agus an chéad iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhain amach post na hUachtaránachta in Éirinn.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.