![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/6f/BRENDANBEHAN.jpg/640px-BRENDANBEHAN.jpg&w=640&q=50)
Breandán Ó Beacháin
file, gearrscéalaí, úrscéalaí, agus drámadóir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Éireannach ab ea Breandán Ó Beacháin (Béarla: Brendan Behan) (9 Feabhra 1923 - 20 Márta 1964).[1]
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Feabhra 1923 Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Bás | 20 Márta 1964 41 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Diaibéiteas) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Drámaíocht, litríocht agus filíocht |
Gairm | scríbhneoir, cumadóir amhrán, iriseoir, file, drámadóir ![]() |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Eile | |
Céile | Beatrice Behan ![]() |
Athair | Stephen Behan agus Kathleen Behan |
Siblín | Brian Behan agus Doiminic Ó Beacháin |
Ciontaíodh i | iarracht ar dhúnmharú ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Rugadh i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1923. Bhí sé ina phéintéir tithe agus é óg. Bhí baint aige leis an IRA óna óige agus gabhadh i Sasana é le linn feachtais bhuamála ag tús an Dara Cogadh Domhanda.
Chaith sé cúpla bliain i ngéibheann ina dhiaidh sin, i Sasana is in Éirinn. Bhain sé ardchlú amach dó féin leis an dráma Quare Fellow agus ina dhiaidh sin leis an dráma 'The Hostage', bunaithe ar 'An Giall', a céad-scríobhadh i nGaeilge. Bhí clú idirnáisiúnta air ina dhiaidh sin. Chum sé filíocht agus aistí, i mBéarla is i nGaeilge. Bhí aithne air mar ragairne is bhí sé le feiscint i dtithe tábhairne timpeall Bhaile Átha Cliath le leithéidí Patrick Kavanagh, ach scar siad óna chéile ansin.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/43/Brendan_Behan_NYWTS.jpg/640px-Brendan_Behan_NYWTS.jpg)