![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fa/International_Symbol_for_Deafness.svg/langga-640px-International_Symbol_for_Deafness.svg.png&w=640&q=50)
Bodhaire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Neamhábaltacht nó ábaltacht laghdaithe fuaimeanna seachtracha a aireachtáil. Tarlaíonn bodhaire sheolta nuair a bhíonn bac ar tharchur na fuaime ar feadh an chanáil sheachtrach cloisteála (mar gheall ar chéir sa chluas), nó de bharr mínormáltachtaí i dtiompán na cluaise nó cnámhóga na cluaise láir (mar gheall ar ionfhabhtú). Muna féidir le duine a bhfuil bodhaire sheolta air fuaim a aireachtáil, cloisfidh sé an fhuaim má aimplítear a dhóthain í. Tarlaíonn bodhaire chéadfainéarógach má bhíonn damáiste déanta don chochla, an néaróg aireachtála nó na láir aireachtála san inchinn. Sa chás seo is minic a bhíonn an laghdú san aireachtáil éagothrom ag gach minicíocht, agus nuair a aimplítear fuaim is minic a bhíonn sí díchumtha. Is féidir go dtarlóidh an bhodhaire seo mar thoradh ar dhrugaí áirithe, nochtadh iomarcach do thorann tionsclaíoch nó eile, nó mar phróiseas normálta aoisithe.[1]
![]() ![]() | |
Cineál | caillteanas céadfach, neamhord éisteachta, siomptóm cluaise agus míchumas céadfach ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | ota-laraingeolaíocht ![]() |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | GJB2 ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | H90 agus H91 ![]() |
ICD-9 | 389 ![]() |
CIAP | H86 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0143514, 0211577 agus 0211578 ![]() |
MedlinePlus | 003044 ![]() |
eMedicine | 994159 ![]() |
MeSH | D034381 ![]() |
UMLS CUI | C3887873, C0018772, C0339789, C1384666, C0011053 agus C0151588 ![]() |