From Wikipedia, the free encyclopedia
Is bábóg phlaisteach agus chluimhrithe í Barbie, déanta ag Mattel, Inc, comhlacht atá lonnaithe in El Segundo, California.
Cineál | saincheadúnas meáin branda carachtar ficseanúil |
---|---|
Dáta cruthaithe | 9 Márta 1959 |
Eile | |
Úinéir | Mattel |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | shop.mattel.com… |
Is iad Barbie agus a buachaill, Ken, dhá cheann de na bréagáin is mó tóir orthu ar domhan. Meastar go bhfuil breis agus billiún bábóg Barbie díolta go dtí idir 1959-2023 ar fud an domhain.[1]
Cuireadh an chéad bhábóg Barbie ar an margadh ag an Aonach Bréagán Idirnáisiúnta[2] Mheiriceá Thuaidh i Nua-Eabhrac) ar an 9 Márta 1959.[3] Sin a 'breithlá' oifigiúil inniu. Bhí an bhábóg costasach ag an am, $3.
Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel,. Margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga.
Bhí a lán daoine míshásta leis an chéad Bharbie ó dhearadh fisiciúil na mbábóg. Cheap siad nach raibh corp nádúrtha aici, róthanaí, agus ní raibh a corp cosúil leis an gcorp atá ag an gcuid is mó de dhaoine.[4] Ní raibh corp nádúrtha aici, dar leo. De réir an lucht cáinte, cuireann dearadh na bábóige corpíomhá neamhréadúil chun cinn do pháistí.[1]
Ach is féidir inniu leaganacha difriúla de Barbie a cheannach, mar shampla “Barbie Ramhar”, “Barbie Bheag” agus mar sin de.
Scannánaíocht
Ar an 21 Iúil 2023, foilsiú scannán nua Barbie stiúrtha ag Greta Gerwig. Tá an scannán seo mar an chéad scannán Barbie atá beo-aicsean, le Margot Robbie mar an phríomh Barbie agus Ryan Gosling mar an phríomh Ken.Thosaigh an phríomhghrianghrafadóireacht ar 22 Márta, 2022, ag Warner Bros. Studios, Leavesden i Sasana agus fillte ar 21 Iúil, 2022.Ar an Domhnach, 6 Lúnasa, sháraigh Barbie Greta Gergwig $1 billiún go hoifigiúil ag oifig na dticéad domhanda.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.