![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2c/Fus%25C3%25A9es-Ariane_Mus%25C3%25A9e_du_Bourget_P1010730.jpg/640px-Fus%25C3%25A9es-Ariane_Mus%25C3%25A9e_du_Bourget_P1010730.jpg&w=640&q=50)
Ariane
From Wikipedia, the free encyclopedia
Clann feithiclí lainseála a saothraigh an ESA i ndiaidh a chomhaontaithe i 1973. Lainseáladh an chéad ceann i 1979 ó Kourou i nGuáin na Fraince, agus bhí an córas réidh le hoibriú faoi 1981. Ba é an Lárionad Náisiúnta Taighde Spáis sa bhFrainc an príomhchonraitheoir sa bhunshaothrú, agus i 1980 bunaíodh comhlacht thrádálach Fhrancach, Arianespace, chun na feithiclí a tháirgeadh. Is é Ariane 5 an leagan is déanaí, ina bhfuil príomhardán crióigineach le trastomhas 5.4 m ag iompar 158.1 tonna tiomántáin (ocsaigin leachtach is hidrigin). Soláthraíonn dhá threisroicéad mhóra sholadacha an chuid is mó den sá is gá chun éirí ar dtús. Theip ar an gcéad eitilt i 1996, ach bhí sé réidh le hoibriú faoi 1998. D'imigh leagan feabhsaithe d'Ariane 5 ar strae óna chúrsa ar a chéad eitilt i 2002 agus ba ghá é a phléascadh trí chianrialú. D'éirigh go maith leis na heitiltí ina dhiaidh sin.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/54/Ariane4.jpg/320px-Ariane4.jpg)