Aoileach
ábhar orgánach, a dhíorthaítear go príomha ó eisfhearadh ainmhithe, a úsáidtear mar leasachán talmhaíochta / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ábhar orgánach a úsáidtear mar leasú talún. De ghnáth is fearadh stoc, measctha le cochán nó easair eile, a úsáidtear i gcomhair áit istigh d'ainmhithe. Nuair a choimeádtar ainmhithe istigh gan mórán cocháin, i gcóras dian, táirgtear sciodar, meascán d'fhearadh is uisce. Faightear aoileach eile ó fheamainn is ceilp a bhaintear ón bhfarraige nó an cladach. Tá aoiligh eile ann a fhaightear ón tionscal éisc, próiseáil múnlach baile is eile.[1]