Bhí Anraí IV (3 Aibreán 1367 – 20 Márta 1413) ina rí ar Shasana ó 1399-1413. Ba gharmhac é le hEduard III (ua le máthair Philip IV na Fraince) agus dhearbhaigh sé éileamh a sheanathair go Ríocht na Fraince.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Anraí IV Shasana ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Henry IV of Bolingbroke |
---|
|
Breith | Aibreán 1367 Caisleán Bolingbroke, England ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Bás | 20 Márta 1413 45 bliana d'aois Westminster, England ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Áit adhlactha | Ardeaglais Canterbury ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
|
|
Monarc Ríocht Shasana |
---|
|
|
30 Meán Fómhair 1399 – 20 Márta 1413 (bás in oifig) ← Risteard II Shasana – Anraí V Shasana → |
Tiarna Éireann |
---|
30 Meán Fómhair 1399 – 20 Márta 1413 ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
|
|
Teanga dhúchais | Béarla |
---|
|
Gairm | monarc ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Teangacha | Béarla |
---|
|
Teideal uasal | Monarc Ríocht Shasana ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Teaghlach | Teaghlach Lancaster agus Teaghlach na bPlantaigíneach ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Céile | Mary de Bohun (1381, 1380–1394) Joan Navarre (1403, 1403–1413) ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Páiste | Anraí V Shasana ( Mary de Bohun) Philippa Shasana ( Mary de Bohun) Edward Plantagenet ( Mary de Bohun) Blanche Shasana ( Mary de Bohun) Jan Lancaster ( Mary de Bohun) Humphrey Lancaster, Céad Diúc Gloucester ( Mary de Bohun) Thomas Lancaster, Céad Diúc Clarence ( Mary de Bohun) ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Athair | John Gaunt agus Blanche Lancaster |
---|
Siblín | Elizabeth Lancaster, Bandiúc Exeter, Caitríona Lancaster, Philippa Lancaster, Joan Beaufort, Cuntaois Westmorland, John Beaufort, Céad Iarla Somerset, Thomas Beaufort, Diúc Exeter agus Henry Beaufort |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
|
|
![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
Dún
Rugadh Anraí ag Caisleán Bolingbroke i Lincolnshire. Ba é a athair, Jean de Gand (1340-1399) (déanta ina 1ú Diúc Lancaster, i gceart dá bhean chéile), an ceathrú mac (an tríú duine le maireachtáil mar dhuine fásta) de chuid Rí Eduard III agus bhí tionchar nach beag aige le linn cuid mhaith de réimeas a nia, an rí Risteard II (1377-1399) a chuir Anraí as oifig sa deireadh.
Ba í máthair Anraí Blanche de Lancaster, a bhí ina banoidhre ar na heastáit mhóra i Lancashire dá hathair Anraí de Grosmont, 1ú Diúc Lancaster (a ranaigh a shinsir ar thaobh a athar go dtí Anraí III). Bhunaigh Anraí mar sin craobh Lancaster de Theaghlach na bPlantaigíneach i Sasana, nuair a tháinig sé i gcomharbacht air a athair mar an 2ú Diúc Lancaster. Ba é an chéad Rí i Sasana é ó Choncas na Normannach a raibh an Béarla mar theanga dhúchais aige, seachas an Fhraincis.[1]