Anno Domini
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is brí leis na focail Laidine Anno Domini (nó Anno Domini Nostri Iesu Christi) ná "i mbliain an Tiarna" (nó "i mbliain ár dTiarna Íosa Chríost"). Is mar A.D., AD nó IC (Iar-Chríost) a ghiorraítear é. Cuirtear na focail seo le huimhir na bliana, agus na blianta á gcuntas ón chéad bhliain i ndiaidh bhreith Íosa Críost. Is í an bhliain 1 an chéad bhliain sa chóras seo, agus níl aon bhliain 0 ann.
Go bunúsach, is córas é seo atá bunaithe ar an gcreideamh Críostaí, ach glacann go leor forais agus fothuithe idirnáisiúnta leis mar chaighdeán, agus i dtíortha a úsáideann an chosmhuintir féilire éigin eile, is gnách aird a thabhairt ar an bhféilire Críostaí agus ar ré na Críostaíochta i gcúrsaí gnó agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Ar mhaithe leis an neodrach i gcaidreamh idirchreidmheach, áfach, is minic a chloistear leaganacha ar nós "de réir na ré coitianta" in áit "A.D." ina lán teangacha inniu.
As Gaeilge, is féidir na litreacha "A.D." a léamh amach mar "d'aois ár dTiarna". Cé gur gnách gan an t-alt a úsáid sa Ghaeilge roimh ainmfhocail a dtagann uimhir ar a lorg - "teach a dó", "seomra a trí" a deirtear, mar shampla - is í an ghnáthúsáid i litríocht na Gaeltachta féin scinneadh ón nós seo nuair atá uimhreacha na mblianta i gceist. Mar sin, "sa bhliain 2006" an leagan is fearr, in áit "i 2006" nó "i mbliain a 2006", cé nach mbeadh ach an leagan deireanach ag freagairt do ghnáthnósanna uimhriúcháin na Gaeilge.
Na blianta roimh bhreith Chríost, cuirtear "r. Chr." leo sa Ghaeilge. Is ionann sin agus "BC" a fheictear sa Bhéarla.