![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c5/LocationAngola.svg/langga-640px-LocationAngola.svg.png&w=640&q=50)
Angóla
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír san Afraic í Angóla, nó Poblacht Angóla, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, nó República de Angola as Portaingéilis. Tá sí ag críochantacht leis an tSaimbia thoir, an Namaib theas, agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó thuaidh, ach tá eachtarchríoch bheag, Cabinda, suite idir an dá Chongó (Poblacht an Chongó agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó). Is é an tAigéan Atlantach an teorainn thiar. Is í Luanda an phríomhchathair, agus cúig mhilliún duine ina gcónaí ansin - aon cheathrú cuid de mhuintir na tíre go léir, beagnach. Cathracha tábhachtacha eile iad Benguela, Sumbe, Lubango agus Namibe, mar shampla.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
República de Angola (pt) Angola (pt) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Aintiún | Angola Avante ![]() | ||||
Mana | «Virtus Unita Fortior (fr) ![]() ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Luanda ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 32,866,270 (2020) ![]() | ||||
• Dlús | 26.36 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Phortaingéilis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Lár na hAfraice ![]() | ||||
Achar dromchla | 1,246,700 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach ![]() | ||||
Pointe is airde | Mount Moco (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Daon-Phoblacht Angóla ![]() | ||||
Cruthú | 11 Samhain 1975 25 Lúnasa 1992 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht agus córas uachtaránachta ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | National Assembly of Angola (en) ![]() ![]() | ||||
• Uachtarán Angóla ![]() | João Lourenço (2017–) ![]() | ||||
• Uachtarán Angóla ![]() | João Lourenço (2017–) ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 65,685,435,100 $ (2021) ![]() | ||||
Airgeadra | kwanza Angóla ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ao ![]() | ||||
Glaochód | +244 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 113, 115 agus 116 ![]() | ||||
Cód tíre | AO ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | governo.gov.ao ![]() |
Is í an Phortaingéilis an teanga oifigiúil náisiúnta, agus í á labhairt go forleathan mar theanga dhúchais in Angóla, fiú ag na bundúchasaigh. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 80 % de mhuintir na tíre. Is í an teanga Kimbundu an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, agus is teanga Bhantúch í, cosúil leis an Svahaílis.