![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e4/Andrea_Palladio2.jpeg/640px-Andrea_Palladio2.jpeg&w=640&q=50)
Andrea Palladio
ailtire Iodálach (1508-1580) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ailtire a rugadh i bPadua na hIodáile ab ea Andrea Palladio nó Andrea di Pietro della Gondola (30 Samhain 1508 – 19 Lúnasa 1580), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa Róimh ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i Vicenza nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina fhoirgneamh taibhseach poiblí a dtugtar an Bhaisleac air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maorga álainn. D'fhoilsigh sé I quattro libri dell'architettura (Ceithre Leabhar na hAiltireachta, 1570) le cur síos go cuimsitheach ar a stíl Phallaidiach, monagraf bunaidh na hailtireachta nua-aoisí. Tinfeadh d'ailtirí ó shin i leith.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/Palazzo_Chiericati_%28Vicenza%29.jpg/640px-Palazzo_Chiericati_%28Vicenza%29.jpg)
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (it) Andrea di Pietro della Gondola 8 Samhain 1508 ↔ 30 Samhain 1508 Padua (Poblacht na Veinéise) |
Bás | c. 19 Lúnasa 1580 71 bliana d'aois Vicenza (Poblacht na Veinéise) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ailtireacht |
Suíomh oibre | Veneto An Veinéis Vicenza Udine ![]() |
Gairm | ailtire, teoiricí ealaíne ![]() |
Tréimhse oibre | 1537 (Féilire Ghréagóra) – 1580 (Féilire Ghréagóra) |
Ball de | |
Mac/iníon léinn de chuid | Bartolomeo Cavazza agus Gian Giorgio Trissino |
Mac/iníon léinn | Vincenzo Scamozzi |
Teangacha | An Iodáilis agus an Veinéisis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Allegradonna ![]() |
![]() ![]() |