An Traí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cathair í an Traí[1] (nó an Traoi, Tróia; Gréigis: Τροία, Troia, nó Ίλιον, Ilion freisin; Laidin: Troia, Ilium, Tuircis: Truva) agus suíomh Chogadh na Traí, mar a tugadh cuntas air san Íliad, ceann den dá eipic a luaitear le Hóiméar. Traígh a thugtar ar lucht cónaithe na cathrach.
An Traí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Τροία (grc) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Tuirc | ||||
Province of Turkey (en) | Çanakkale Province (en) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Miotaseolaíocht na Gréige | ||||
Achar dromchla | 158 ha | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 3000 "RCh" | ||||
Díscaoileadh | 500 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | muze.gov.tr… |
De réir mar a deir Hóiméir, scriosadh an chathair i ndeireadh an chogaidh tar éis do na Traígh capall adhmaid, deis a cheap na Gréagaigh, a ligean isteach sa chathair. Tá tagairtí i saothair seachas san Íliad don eachtra: san Odaisé (eipic eile le Hóiméir), mar shampla. Chuir staraithe Gréagacha dátaí difriúla leis an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RCh.
Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Rómhánaigh gur chogadh stairiúil é Cogadh na Traí. Rinne Veirgil, file mór Rómhánach, mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir san Aeinéid. Thug Alastar Mór cuairt ar an suíomh sa bhliain 334 RC agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí Aichill agus Patraclas, laochra Hóiméaracha.
Bhunaigh an tImpire Ágastas cathair nua ann, agus rath uirthi go dtí gur bunaíodh Cathair Chonstaintín. Tháinig meath uirthi de réir a chéile.
Sna 1870í chuaigh Heinrich Schliemann, seandálaí Gearmánach, i mbun tochailte san áit. Nochtadh iarsmaí roinnt cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile. D'fhógair Schliemann go raibh an fhíor-Thraí aimsithe aige, ach meastar anois gurb í Traí VII, ceann de na cathracha is luaithe, atá i gceist ag Hóiméir.
Cuireadh an suíomh ar liosta Oidhreacht Domhanda UNESCO sa bhliain 1998.