An Rómáinis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Rómánsach í an Rómáinis agus í ina teanga oifigiúil sa Rómáin. Cosúil leis na teangacha Rómánsacha eile, d'fhorbair sí as an Laidin, ach fuair sí cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha a labhraítear sna tíortha ina timpeall.
limba română agus românește | |
---|---|
Eapainm | Rómánaigh |
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 24,300,000 (2019) |
Dúchasach do | an Rómáin agus an Mholdóiv |
Stáit | an Rómáin, an Mholdóiv, an tSeirbia agus an Úcráin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha Eastern Romance (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Aibítir Choireallach |
Institiúid caighdeánaithe | Acadamh na Rómáine |
Staidéar ag | Romanian studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | ro |
ISO 639-2 | rum |
ISO 639-3 | ron |
Glottolog | roma1327 |
Linguasphere | 51-AAD-c |
Ethnologue | ron |
ASCL | 3904 |
IETF | ro |
- Is alt faoi theanga na Rómáine é seo. Déantar idirdhealú idir í agus an Romainis, teanga na Romach; agus an Rómainis, teanga Rómánsach in oirthear na hEilvéise.
Tugtar "Moldóivis" ar an Rómáinis a labhraítear sa Mholdóiv, ach is í an teanga chéanna í, go bunúsach, a fhad agus atá an caighdeán scríofa i gceist. Nuair a d'fhorghabh na trúpaí Sóivéadacha an Mholdóiv sa bhliain 1940, cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm ar an Rómáinis a bhí á labhairt ansin, agus gaireadh teanga neamhspleách - Moldóivis - di. Ar dtús, rinne na teangeolaithe Sóivéadacha iarracht tréithe na gcanúintí áitiúla a thabhairt isteach sa chaighdeán scríofa, ach de réir a chéile, d'éirigh siad as an obair seo, agus ghlac siad leis mar phrionsabal go raibh sé ní ba chiallmhaire cloí le norm na Rómáine féin, cé gur mhair na litreacha Coireallacha in úsáid oifigiúil go dtí gur bhain an Mholdóiv amach neamhspleáchas sa bhliain 1989. An chanúint a labhraítear sa Mholdóiv, níl mórán difríochta idir í agus an Rómáinis a chluinfeá sa Rómáin féin, agus is ionann í agus an chanúint sa chuid is cóngaraí don Mholdóiv den Rómáin. Is í an difríocht is mó ná go bhfanann a lán focal Rúisise in úsáid sa teanga labhartha sa Mholdóiv.
Scéal eile ar fad go bhfuil dreamanna beaga scaipthe ar fud na mBalcán agus canúintí Rómáinise á labhairt acu atá chomh difriúil leis an teanga chaighdeánach is gur féidir a rá gur teangacha ar leith iad. Is í an Aromúinis, nó an Aromáinis, an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í á labhairt sa Ghréig agus sa Mhacadóin. Tá sí chomh breac le hiasachtaí Gréigise is nach féidir leis an Rómánach mórán adhmaid a bhaint aisti. Ní hionann gramadach an dá theanga ach an oiread. Teanga bheo bhríomhar í an Aromúinis i gcónaí, cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ach in aon chathair amháin sa Mhacadóin.