From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Lúnasa, mí Lúnasa nó Lughnasadh an, t-ochtú mí den bhliain.[1] Is é an 1 Lúnasa, Lá Lúnasa (nó Lughnasa) agus an chead lá den fhómhar,[2] de réir Fhéilire na nGael.[3]
Cineál | mí féilire |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Ágastas, Alparslan, fómhar agus corrán |
Cuid de | féilire Iúil, féilire Ghréagóra agus féilire na Sualainne |
<< Lúnasa >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | 2 | 3 | 4 | |||
5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 |
12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 |
19 | 20 | 21 | 22 | 23 | 24 | 25 |
26 | 27 | 28 | 29 | 30 | 31 | |
2024 | ||||||
Laethanta na bliana go léir | ||||||
Baineann Lúnasa le laethanta móra an chultúir Phagánaigh ina raibh béim faoi leith ar fhéilte le go mbainfí an leas is fearr ón talamh chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar na Déithe a bhain leo. Ainmníodh Lúnasa i ndiaidh Lugh a raibh dlúthcheangail aige le gilleacht agus le solas an lae. Bhain Lugh le Tuatha Dé Danann, treibh fíorthábhachtach in Éirinn.[4]
Ainmníodh mí Lúnasa as Lugh (nó Lú sa nualitriú), duine de na déithe ba thábhachtaí a bhí ag na sean-Cheiltigh,[5] ní amháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa.
Thug muintir na Breataine Bige Lleu Llaw Gyffes uirthi. Ainmníodh Léon na Spáinne as Lugh, chomh maith le Lyon na Fraince agus Londain fosta, síltear.
Dar le Dáithí Ó hÓgáin, ina chiclipéid faoi bhéaloideas na hÉireann, ba as seanfhocal Ceilteach a chiallaigh mion (lugio) a tháinig an t-ainm Lugh.
Ní nach ionadh mar sin gur thug sé a ainm don mhí is teo san fhéilire in Éirinn, Mí Lúnasa.
Féile a bhí ann le fáiltiú roimh fhás an arbhair agus roimh thús an fhómhair. Is minic a bhíodh daoine in Éirinn ag déanamh damhsaí agus tinte cnámha le Féile Lúnasa a cheiliúradh. Bhí cuid de na nósanna seo beo go fóill go dtí an fichiú haois.[6]
Chum Brian Friel, drámadóir clúiteach as Tír Eoghain, dráma darb ainm Dancing at Lughnasa a bhfuil a lán tagairtí ann do na traidisiúin seo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.