![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/db/FAO_logo.svg/langga-640px-FAO_logo.svg.png&w=640&q=50)
An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a phléann le talmhaíocht is cothú is ea an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta nó Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (an EBT nó an FAO, Food and Agriculture Organisation).[1]
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Mana | fiat panis ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | foilsitheoir specialized agency of the United Nations (en) ![]() ![]() | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla, an Spáinnis, an Rúisis, an Fhraincis, An tSínis agus an Araibis ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Téann in áit | Institiúid Idirnáisiúnta na Talmhaíochta ![]() | ||||
Dáta a bunaíodh | 16 Deireadh Fómhair 1945 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Digital Public Goods Alliance (en) ![]() ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Qu Dongyu (2019–) ![]() | ||||
Máthaireagraíocht | na Náisiúin Aontaithe ![]() | ||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | |||||
Suíomh gréasáin | fao.org ![]() | ||||
Bunaíodh ar an 16 Deireadh Fómhair 1945 í, agus tá a príomhoifig sa Róimh.
Stiúrann an EBT taighde is suirbhéanna, foilsíonn staitisticí i leith talmhaíochta, foraoiseachta is iascaireachta, a dtáirgí is a ndáileadh.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/25/Food_and_Agriculture_Organization_HQ_2008.jpg/640px-Food_and_Agriculture_Organization_HQ_2008.jpg)
Soláthraíonn an EBT cabhair theicniúil chun táirgiúlacht sna réimsí seo a fheabhsú, gorta a sheachaint, agus caighdeán beatha daoine faoin tuath a chur chun cinn.
Stiúrann sí taighde ar chothú, agus foilsíonn caighdeáin cothaithe is réamh-mheastacháin ar riachtanais is soláthar bia ar fud an domhain.
Ceiliúrtar an "Lá Domhanda Bia" ar an 16 Deireadh Fómhair gach blain.[2]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/68/Lifezones_Pengo%2C_FAO.svg/640px-Lifezones_Pengo%2C_FAO.svg.png)