An Córán
buntéacs reiligiúnach san Ioslam / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an Córán[1] (Araibis: القرآن Al Qur’án), leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chórán san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Moslamach fíréanta gurb é an Córán briathar neamhthruaillithe Dé, agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chóráin a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCórán Araibise mar fhíorleabhar naofa. Rinne Muid Córán Araibise de, ionas go dtuigfeadh sibh é, a deir Dia, sa Chórán. Tá ainm an Chóráin bunaithe ar thamhan focail a chiallaíonn léamh, léitheoireacht sna teangacha Seimíteacha.
(ar) القرآن | |
---|---|
Cineál | téacs reiligiúnach agus saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Teanga | an Araibis Chlasaiceach |
Dáta a bunaíodh | 610 ↔ 632 |
Codanna | 114 |
Tréith | |
Seánra | litríocht reiligiúnach agus téacs reiligiúnach |
Carachtair | Mahamad Noah in Islam (en) Jesus in Islam (en) Moses in Islam (en) Ibrahim (en) Isaac in Islam (en) Mary in Islam (en) Zayd ibn Haritha al-Kalbi (en) Lot's wife (en) Námá Samiri (en) Abū Lahab Umm Jamil (en) David in Islam (en) Góiliat Harun (en) Solomon in Islam (en) Adam in Islam (en) Cain and Abel in Islam (en) Jibril (en) banríon Sheabá Éabha Zaynab bint Jahsh Khidr (en) Lot in Islam (en) Uzair (en) Luqman (en) Corach Joseph in Islam (en) Lot's daughters (en) Idris (en) Job in Islam (en) Ismail (en) Elijah in Islam (en) Elisha in Islam (en) zu'l kifli (en) Shuayb (en) Saleh (en) Hud (en) Iacób san Ioslam Yunus (en) Dhul-Qarnayn (en) Iblis Dia in Ioslam |
Suíomh scéalaíochta | An Araib |
Cuid den tsraith | |
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta | 9-682-92846-X |
Tugtar sura ar chaibidil de chuid an Chóráin, agus céad ceithre cheann déag acu ann. Seo leagan Gaeilge den chéad sura, nó sura na hOscailte:
- In ainm Dé atá lán trua agus trócaire!
- Moladh go hard le Dia, Tiarna na nUile Dhomhan,
- Dia atá lán trua agus trócaire,
- Rialtóir Lá an Luain.
- Tusa a adhraímid, Ortsa a iarraimid cabhair,
- Cuir i mbealach ár leasa sinn,
- A mbealach siúd ar bhronn Tú Do ghrásta orthu,
- Seachas a mbealach siúd a bhfuil fearg ort leo agus a chuaigh ar strae.